Estát ionscail Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair, Co Dhun na nGall, ama fhorbairt ag Rannóg Seirbhísí Innealtóireachta an Údaráis
 
Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as forbairt eacnamaíoch na Gaeltachta. Mar chuid de chlár forbartha an Údaráis tá thart ar fiche eastáit tionscail agus 240,000 meadar cearnach d'achar monarchana forbartha ag Rannóg Seirbhísí Innealtóireachta an Údaráis ar fud na Gaeltachta, chomh maith leis an mbunstruchtúr gaolmhar atá riachtanach chun tacú leis an gclár forbartha.
Mar chuid den chlár forbartha, bunaíodh,nó tugadh tacaíocht do thionscail innealtóireachta ar fud na Gaeltachta. Chlúdaigh na forbairtí sin na réimsí innealtóireachta seo a leanas: meicniúil, leictreach, leictreonaich agus innealtóireacht cheimiceach.

 

Lasc ama leictreonach agus lasc fótaileictreach deartha ag selc Teo Béal an Mhuirthead.
   

Déanann Innill Dóiteáin Teo. dearadh, forbairt agus táirgeadh ar innill dóiteáin nua-aimseartha sa Spidéal, chomh maith le táirgí eile miotail don
tionscal meicniúil agus don tionscal leictreonaic.

Is comhlucht leictreonach é Selc Teo a dhéanann dearadh agus forbairt ar ghléasra leictreonaic i mBeál an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Is iad táirgí speisialtóireachta an chomlachta ná lascanna ama agus lascanna fótaileictreacha chun smacht a chur ar theas agus ar shoilsiú. Tá táirgí an chomhlachta á ndíol ar fud an domhain agus tá táirgí nua á bhforbairt go leanúnach ag innealtóirí Éireannacha.

Bíonn rinsí casmhóiminte leictreonacha (electronic torque wrenches) á ndearadh, á bhforbairt agus á dtáirgeadh ag Uirlisí Torc Teo. in Indreabhán Co. na Gaillimhe. Tá na rinsí seo ar na cinn is soifisticiúla dá bhfuil ar fáil aon áit agus táid á ndíol faoi lipéid an chomhlachta idirnáisiúnta Sandvik Belzer. Rinne Innealtóir Meicniúil ón Ghearmáin, i gcomhar le hinnealtóirí leictreonacha Éireannacha, dearadh agus forbairt ar an táirge seo. Tá na huirlisí in úsáid ag déantóirí gluaisteán sa Ghearmáin agus ag lucht deisithe eitleán.

Táirgíonn Amatec Teo cártaí 'cliste' (Smart Cards) ar Eastát Tionscail na Tulaí, Co. na Gaillimhe. Rinne innealtóir Éireannach i gcomhar le hinnealtóirí Gearmánacha forbairt ar an innealra speisialta chun na cártaí seo a tháirgiú.
 
Innill Dóiteáin speisialta árdluais, arna fhorbairt don Arm (Air Corps).